News Archive

Seachtain na Gaeilge Mhaigh Eo 2008 Seolta ag Seán Bán Breathnachag

Seoladh Seachtain na Gaeilge 2008 i gCo Mhaigh Eo tráthnóna Déardaoin, 28ú Feabhra 2008 ag Aerfort Iarthar Éireann Chnoc Mhuire. Ba é Seán Bán Breathnach, fear a bhfuil clú agus cáil Raidio na Gaeltachta agus ‘Celebrity You’re A Star’ air, a rinne an seoladh. Bhí Mattie Joe Shéamuis, láithreoir ó Raidio na Gaeltachta ina Fhear a’ Tí don ócáid. Féile Náisiúnta is ea Seachtain na Gaeilge atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge. Tá imeachtaí i gCo Mhaigh Eo eagraithe ag Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge i gcomhair le Coiste Dúiche Mhaigh Eo den Chonradh.

Tá Seachtain na Gaeilge 2008 ag tosnú ar an 3ú Márta agus leanann sí ar aghaidh go dtí an 17ú Márta. Tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh Féile den chéad scoth againn sa chondae seo. Tá clár leathan cuimsitheach d’imeachtaí leagtha amach don bhféile le ceol, amhránaíocht, damhsa, cluichí, spórt agus spraoi de gach shaghas. Tá imeachtaí socraithe do chuile áit sa chondae; sna bailte móra, sna sráidbhailte, sna scoileanna, na leabharlanna, sa mhúsaem agus i bpáirceanna peile thart timpeall an chondae. Beidh na himeachtaí uilig ag ceiliúradh cultúr agus teanga ársa na nGael.

Ag labhairt do ag an seoladh dúirt Máirtin G. Ó Maicín, Cathaoirleach, Coiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge: “Tá Seachtain na Gaeilge eagraithe ar bhonn náisiúnta ag Conradh na Gaeilge ó thús na hochtaidí. Is é Aerfort Iarthar Éireann Chnoc Mhuire an tógra ba mhó agus ba thabhachtaí a tógadh idir lámha riamh sa chondae seo agus d’éirigh thar cion leis. Tá an-áthas ar Thogra Mhaigh Eo bheith páirteach lena leithéid d’áit agus tugann sé an-sásamh dúinn go bhfuil muintir an aerfoirt, aerfort a bhunaigh an Monsignor Uí Óráin, sásta bheith ceangailte leis an seoladh. Thug muintir an aerfoirt go léir, idir bainistíocht agus foireann uilig, an-tacaíocht dúinn leis an seoladh seo agus tugann sé sin ardú meanmain dúinn. Ní raibh seoladh againn riamh sa chondae seo le profíl chomh hard leis seo.”

Tugann sé iomhá ar leith don teanga go bhfuil an seoladh ar siúl ag Aerfort Iarthar Éireann Chnoc Mhuire. Iomhá a ghabhann le saibhreas agus rath, dul chun cinn agus dóchas, féidireachtaí gan chuimse agus todchaí geal. Ciallaíonn Seachtain na Gaeilge agus Aerfort Iarthar Éireann Chnoc Mhuire dul chun cinn agus fís soiléir.”

Creideann Aerfort Iarthar Éireann Chnoc Mhuire go bhfuil sé de dhualghas orthu úsáid na teanga a chur chun cinn ar mhaithe le cultúr na nGael a bhuanú agus chun tógáil ar an dteagmháil atá aige lena gcustaméirí mar tá an tAerfort ag freastal ar Ghaeltachtaí Mhaigh Eo agus na Gaillimhe chomh maith le Gaeltacht Tír Chonalll. Cloistear an Ghaeilge in úsáid go minic san áit le daoine ag teacht nó ag fágáil slán trí mheán na Gaeilge. Tacaíonn Aerfort Iarthar Éireann Chnoc Mhuire le húsáid na teanga agus tuigeann siad a fiúntas.

Ag labhairt as Ghaeilge ag an seoladh dúirt Liam Scollan, Bainisteoir Stiúrtha an Ghrúpa: “ Tugann sé an-sásamh don Bhord, don lucht bainistíochta agus don fhoireann uilig, tacaíocht a thabhairt don bhFéile iontach seo a chuireann teanga ársa na nGael chun cinn. Tá Aerfort Iarthar Éireann Chnoc Mhuire fréamhaithe go daingin i stair agus cultúr na hÉireann agus mar sin tá an teanga agus an cultúr mar chuid dínn. Tá sé mar sprioc againn mar chuid dár aidhmeanna gnó, tacaíocht a thabhairt don teanga agus í a chur chun cinn san Aerfort ó lá go lá. Tá polasaí dátheangachas ag an Aerfort agus is féidir samplaí de sin a fheiscint thart timpeall na háite sna comharthaí agus beidh sé níos soiléire fós sa ghréasán idirlíne a seolfar go luath. Ar son gach uile duine san Aerfort, guím gach ráth ar Sheachtain na Gaeilge 2008 i gCo Mhaigh Eo.”

Tar éis an seoladh bhí ceol, amhránaíocht agus damhsa den chéad scoth le cuid de na h-ealaíontóirí is fearr sa chondae. Tugtar cuireadh do gach uile duine sa chondae páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus cibé Gaeilge atá acu a úsáid, bíodh siad líofa nó ar chúpla focal.